top of page

Coincréit Fhuar

​

Seoladh isteach

 

‘Dul tríd an saol dom go cuí is mo chás sách slán,

Dhúisigh ó néal deas gan tí gan áis gan dán,

Ba thúisce liom féin bheith díreach i lámha mo bháis,

Ná thuas ann ag béiceadh ar díbirt gan dóchas ar shráid.

 

Tá gach compord agus sábhálteacht i bhfad uaim

Níl ann ach mise

Agus dáinséir na cathrach…

 

 

Véarsa 1

 

Tá mo mhála lán go béal,

Éidí, tuáille, scuab.

Fágaim slán mo shibhialtacht,

Fiántas mo chara cléibh.

 

Anois ‘sé an tsráid mo chónaí nua,

Lampaí sráide mo chuid.

Buaileann scéimh mo scéithín rua,

Deoraí mé gan rian.

 

Tá mo shúile luaineach,

Ní dhearcaim réiteach ‘luath,

Cá bhfuil bia is uisce glan,

An cheist ag síleadh uaim.

 

Ag féachaint orm tá lucht an róid,

“Cén bochtán ag teacht anois?”

Trú mé gan luach ar bith,

Ná páipéir aitheantais.

 

 

Cór

 

Luím síos ar an gcoincréit fhuar,

(San oíche dhéanach)

 

     Gan ballaí gan tine gan stór,

(Obair chontúirteach)

 

Gan tuarisc a dheiridh le fáil,

(Níl comharthaí dóchasach)

 

Tá sé dorcha in sa gcathair mhór.

(An leanfaidh mise ar aghaidh?)

 

 

Véarsa 2

 

Scaradh mé ón bpobal íon,

Lobhar mé gan chlú,

Baineadh díom mo chlóca bán,

Mo mheon ag dul amú.

 

Táimse leis na binsí,

Le baisteach an gheimhridh fhuair,

Crann mé do ghaoithe crua

Duilleoga ag éalú uaim.

 

Dealbh mé ar fán go deo,

Stualaire an lae,

Tá mo chéadfaí liath anois,

Cá bhfuil fabhar Dé?

 

Tá an fear ag bogadh 

Gan aird gan breathnú uaidh,

 

 

Cór

    

Luím síos ar an gcoincréit fhuar,

(San oíche dhéanach)

 

Gan ballaí gan tine gan stór,

(Obair chontúirteach)

 

Gan tuarisc a dheiridh le fáil,

(Níl comharthaí dóchasach)

 

Tá sé dorcha in sa gcathair mhór.

(An leanfaidh mise ar aghaidh?)

​

Véarsa 3

 

Tá an choincréit fuar inniu,

Pian mharbh ar mo mheon.

Táim bascaithe spíonta,

An Diabhal ar mo shon.

 

Cillín beag dofheicthe

‘Mo thimpeall ag gabháil mo chos,

Ag siúl dom gan faoiseamh,

Nach bhfaighfidh mé aon sos?

 

‘Cuma liom faoi nuachtán

Ná cúrsaí an lae inniu.

‘Spéis liom cuan dóchais

 

Tá na crainn á luascadh

An spéir dom’ ionsaí ‘crua,

Fualaignt bhodhar stoirmeach,

An choincréit fhuar mo dhua….

 

Seoladh amach

 

Mar sin, 

Is deoraí mé

Taibhse na oíche

Trú na coincréite

Ar fan agus 

Gan tairbhe

 

(Caillte…Briste)

 

A chairde,

Táimid ag imirt cloiche,

ach an té siúd 

a thiteann sa chloiche…

(Cuirtear síos i dtinne an ifrinn é)

​

Críoch

Páiste Bocht

​

Véarsa 1 

 

Teach solais romhat

An cladach bán

Agus mairfidh tú

‘Feadh oíche eile, ‘pháiste.

 

Tá d’éidí fliúch

Tá do lámha brúite

Ach is léir an dóchas

Ar aghaidh do thuistí.


 

Cór        

 

A pháiste bocht

Tá tuirse ort 

‘S fuil ar do chos

Tá an talamh tirim.

 

Beidh tú slán anocht

Beidh bia is uisce agat

Níl ort a’ locht

Tá na tonnta imithe.


 

Véarsa 2 

 

Amach anseo

Ní bheidh pléascaí ann

agus fuaim an ghunna 

in imigéin a leanbh.

 

‘Sé do thalamh nua 

Tar éis turas fada

Is trua liom nach bhfuil 

Na mílte fáilte romhaibh.

​

Cór

 

Críoch

Sceimhlitheoir

 

Véarsa 1

 

I bhfad ó aghaidh do sceimhlitheoir

Is maith an scéala é

Is maith an tuairisc é.

Tá pian istigh i do bhóithre

Is cónaíonn sé ansin

In áit dhubh do chinn.

Chomh scanraí

Le fáda

Do néaróga

Trí thine

Tá do dhéaga deasa plúchta.

(All the way into your mind)

 

Véarsa 2

 

Trí phian na milte diabhal bhí

Tú ag gabhaáil tréan

Go dtí an solaschéim.

Tá guth na oíche préachta

Fuarchúiseach

Próiseas marfach.

Faoi smacht an

chrann eagla

Gach éinne

Mar thaibhse

‘An bhfanfidh mise beo in aon chór?’

 

Cór

 

Tá do sceimhlitheoir

Ag trá ar an bhfarfaige mhór

S’ag éalú uait

Tiocfaidh tú slán a ainnir ó.

 

Véarsa 3

 

Is saor tú ó scaena

Is ó mhíoltóga

A bhí do do chreacadh.

Ach tá faolchoin do do sceimhleadh

A bhfréamhacha curtha

I nduibheagán do lámha.

Mo thuirse

Na híomhánna

Dá bhfaca tú

Ní soiléir

‘Cén fáth nach bhfuil faoiseamh anseo?’

 

Cór

 

Seoladh amach

 

In aineoinn

do neamhairde

ormsa

Is tusa

mar urna

i ndomhan na oíche.

 

San oíche

aréir dom

nuair a tháinig na réalta

Tugadh eolas

dom fútsa

a ainnir ó.

 

Is deireadh

dá chastacht

do chosán

Tá brí leis

tá ciall leis

Tá ród is tá plean.

Is tréine

Do chuid istigh

Ná an seachmall seo

Is diamant í Do mheabhair

A ainnir ó

Phase​

 

Verse 1

​

Baby well you almost drowned

Your clothes were all around 

I saw you melting down.

 

You are going to find your sound

I know it’s tough as hell 

But you’ll survive this town.

 

You have the movements

You have the costume 

And don’t you worry you will see us all again.

Do you remember when I used to call you?

 

Bridge

​

You’d play me all the music you heard that day 

And you’d send me the videos too to play 

And you’d ask me what I think about the dress you had on.

 

Chorus

 

You’ll never know

What’s beyond this phase

But I promise you 

You’ll come back to life again.

 

You’ll never know 

What’s beyond this maze

But I promise you

You will feel the fire again.

 

Verse 2 

 

The stories of your Instagram

They show me you’re at home 

You haven’t left at all.

 

But the stories that you really need 

Are ones you’ll make outside 

Of those air-tight walls.

 

You have the keys to 

The dirty city 

You‘ve seen it all but there is so much more to feel.

Do you remember when I used to call you?


 

Bridge

​

You’d play me all the music you heard that day 

And you’d send me the videos too to play 

And you’d ask me what I think about the dress you had on.

 

Chorus

 

You’ll never know

What’s beyond this phase

But I promise you 

You’ll come back to life again.


 

You’ll never know 

What’s beyond this maze

But I promise you

You will feel the fire again.

Digiteach

 

Seoladh Isteach

 

Cruthaionn tú sciatháin a thugann don spéir thú

Snámhann tú trí radathonnta go strainseírí an duibheagáin.

Teilgeann tú do shúile ar an spéir is tú ar do sháimhín só

Greanann tú d’ainm ar an éitear.

 

Fainic do chraiceann

Do bhéal 

S’na gleannta

Do chéadfaí 

An talamh

Na réaltaí 

S’do chnámha

 

Mar a chara

Gan ainm

Tá muid caillte

Gan ainm

Tá muid marbh

Gan ainm.

(Tá muid in éad leat)

 

 

Véarsa 1

 

An mbeidh an tadhall

lámh le lámh?

 

An mbeidh an spórt idir

beirt leanán?

 

An mbeidh an tsúil

ar an spéir?

 

Dáthannaí 

ag lonnrú ar an bhféar?

 

An mbeidh an blas

ar bhéal do ghrá?

 

Milseacht mheala 

idir fír is mná?

 

An mbeidh an choil

s’an duilleoig dhonn?

 

Éin an tsamhraidh 

gan tada os a gcionn?

 

 

Cór

 

A dhaoine

Is maith a bhfuil déanta agaibh

Thíos ar an talamh saolta.

 

Ach coinnigí 

a raibh déanta ionainn:

Na nithe sin a dhéanann muid daonna. 

 

 

 

Briseadh 

 

Tá sé do mo tharraignt isteach ann

An domhan digiteach seo.

 

Tá na soilsí chomh hálainn

Ní shílim go bhfágfaidh mé go deo é.

 

 

 

Véarsa 2 

 

An mbeidh an radharc

trí ghleanntaibh fós?

 

Aibhneacha breátha 

géimeanna na mbó?

 

An mbeidh bia te

is uisce fuar?

 

Séideáin ghaoite 

amuigh faoin tuath?

 

An mbeidh an fhliúit

s’an chláirseach mhór?

 

An mbeidh an dordán

ag tormáil faoin nglór?

 

An mbeidh an fhuacht 

sa gheimhreadh ciar?

 

Teas an tsamhraidh 

s’an feo ina dhiaidh?

 

 

Cór

 

​

Seoladh amach

 

Ó is grá liom mo chéadfaí

soilsí an tsaoil 

ag briseadh isteach iontu.

 

Mo néaróga 

Ag splancadh 

Mar réaltaí.

 

Mise an t-aingeal.

Mise an t-ainmhí.

Ní ƒéidir liom éalú aisti

​

Véarsa 1

 

Cruthaíonn an ghrianghal

priosma sa drúcht.

 

Tuismíonn an fhís úr

mo shúile as an nua.

 

Ar fhás mise

dhá eite

uilechuimsitheach?

An bhfaca mé

a bhfuil le feiceáil

ann cheana fhéin?

 

Cór

 

Ní féidir liom éalú aisti

mar tá sí i láncheannas

ar mo chéadfaí

X2

​

Véarsa 2

Feicim abhainn ghlas

Nár bhuail mé riamh.

 

Mo lámha sa chré úr

ag tochailt go dtí an meachanlár

 

Físeanna

teicnidhatha

timpeall ár gcinn.

 

An fírinne

nó aislingí

Istigh ag damhsa linn?

 

Cór

 

Ní féidir liom éalú aisti

mar tá sí i láncheannas

ar mo chéadfaí

X2

bottom of page