top of page
comic-pop-art-background_edited.png

Cad é Deoraí?

Is tionscadal ceoil agus scannánaíochta é Deoraí: comhaimseartha agus Gaelach. Is é an sprioc atá ag an tionscadal go príomha ná ealaín bhunúil a chruthú trí mheán na Gaeilge. Cruthaítear tírdhreacha cultúrtha as mórán rudaí, ach tá an ealaín an-lárnach sa chruthú sin. 

Tá Deoraí ag iarraidh a bheith mar pháirt de na hiarrachtaí chun limistéar nua na Gaeilge a athshamhlú.

​

Ach ní féidir Deoraí a shainiú mar 'thionscadal teanga'. Tá aidhm againn ealaín a chruthú a tharraigníonn ó thraidisiúin ealaíne frith-chultúrtha agus iar-nua-aoiseacha. Tá tuairim againn go bhfuil an cultúr domhanda agus cultúr ar líne go háirithe, ag cur caille ar an duine daonna agus gur minic go mbíonn 'an fhírrine' agus 'ciall' go ginearálta caillte i scamaill na margaíochta gan stad. Mar gheall air sin, tá aidhm ag an tionscadal fíorscéalta a insint ar an méid a fheiceann tú i do thimpeall sa saol má ardaíonn tú do cheann ón scáthlán agus na smaointe a bheadh agat má thagann tú amach as an spéirling le tamall. 

​

Go dtí seo, bhí fáillte dheas ón bpreas náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhí amhráin agus físeáin ón tionscadal clúdaithe in: The Irish Times, The Irish Independent, Irish Central, Nós mag, Hot Press agus eile. Cloistear ar stáisiúin mar RTÉ 2 fm, Raidió na Gaeltachta, BBC Radio Ulster, Raidió na Life, Raidió Rí Rá agus KCLR FM. Cloistear freisin iad ar stásiúin a fhad leis an Astráil agus Nua Eabhrac.

​

Is tionscadal beag é Deoraí, ach níl aon phlean ann le stoppadh. Tá 6 phíosa eisithe go dtí seo agus beidh i bhfad níos mó le teacht sna blianta amach romhainn. 

​

​

​

​

​

 

bottom of page